NÓS Magazine
VerifiedOnline/Digital
NÓS is a cultural magazine that gives a vibrant Irish insight into our lives. We are here to stimulate fun, reflection and act. Source
Actions
Media Outlet details
| Scope | National |
|---|---|
| Language | Irish |
| Country | United Kingdom |
|
Similarweb UVM |
Request pricing |
|
Comscore UVM |
Request pricing |
Recent Articles
Search Articles‘The Odyssey’ le Christopher Nolan: Scannán eipice iontach ach níl sé eisceachtúil
Tá an Odaisé ar cheann de na saothair liteartha is ársa ar domhan. Tugann an stiúrthóir aitheanta Christopher Nolan faoin dúshlán é a chur in oiriúint don scáileán mór ina scannán nua. Ar an iomlán, éiríonn leis, cé nár aontaigh mé leis go huile is go hiomlán. Fiche bliain i ndiaidh Chogadh na Traí, tá an saighdiúir Odysseus (Matt Damon) fós ina fhánaí.
Falkland agus Malvinas: an tsanasaíocht Cheilteach agus na héilimh choilíneacha
44 bliana i ndiaidh d’Oileáin Fháclainne aka Falkland Islands aka Las Malvinas ceannlínte na nuachta a bhaint amach ar fud an domhain, tá an t-oileánra beag sceirdiúil san Atlantach Theas ar ais i mbéal an phobail babhta amháin eile.
Atmaisféar le brath ar phláinéad cosúil leis an Domhan 49 solasbhliain ar shiúl
Tá cor nua curtha i scéal na spástaiscéalaíochta ag fionnachtain shuntasach atá déanta ag taighdeoirí i dtaobh an eiseaphláinéid LHS 1140b. Pláinéad é LHS 1140b atá cosúil leis an Domhan ó thaobh teochta agus comhdhéanaimh de agus atá 49 solasbhliain ar shiúl ónár ngrianchóras. D’fhógair taighdeoirí le déanaí go bhfuil atmaisféar le brath ar an phláinéad seo.
Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Meitheamh 2026
Athinsint chomhaimseartha ar thréimhse Oisín ar imirce i dTír na nÓg atá sa dara cnuastéip seo le Blue Niall na hardchathrach. Ní fhéadfá ach meas a bheith agat ar shaothar a leagann an fhiannaíocht agus glór an fhile dub Linton Kwesi Johnson taobh lena chéile (“Inglan is a bitch” a deir LKJ sula scaoiltear leis na buillí druma is dord ag tús ‘Took The King’s Shilling’). Pictiúr: Ealaín chlúdaigh an albaim.
Rianta na Míosa – Meitheamh 2026
Tá cúig rian is fiche curtha lenár seinnliosta Rianta na Míosa agam do mhí an Mheithimh, ag tosú le hamhrán de chuid As Ganhadeiras de Itapuã as Salvador na Brasaíle. Ag teacht sna sála air sin tá port againn ó albam rúnda de chuid Kieran Hebden (Four Tet) a d’eisigh sé faoin ainm ⣎⡇ꉺლ༽இ•̛)ྀ◞ ༎ຶ ༽ৣৢ؞ৢ؞ؖ ꉺლle déanaí.
Bród Sona Ort (Arís)!
Táim cinnte go bhfuil cuid agaibh den tuairim go bhfuil mé as mo mheabhair. A Ross, a chara, nach bhfuil a fhios agat go bhfuil Mí an Bhróid díreach caite againn? Agus, sea, tá an ceart agaibh. Táimse ag caint faoi rud eicínt atá go hiomlán difriúil áfach. Táim ag caint faoi Mhí Bhród an Mhíchumais, a bhíonn á ceiliúradh de ghnáth i Mí Iúil.
Cosc ar na Meáin Shóisialta do Dhaoine Óga: Siosmaideach nó Iomarcach?
Tá sé i gceist ag Rialtas na Breataine cosc a chur ar dhaoine óga faoi 16 bliana d’aois úsáid a bhaint as na meáin shóisialta in ainneoin gur cosúil go bhfuil ag teip ar shrianta den tsórt seo a spriocanna a bhaint amach in áiteanna eile. Táthar ag dréim go gcuirfear na rialacha faoi bhráid Theach na dTeachtaí roimh dheireadh na bliana seo ionas go .
Is ionann deireadh na troda agus deireadh na gluaiseachta
“Cá taoi a mbíonn Mí an Bhróid againn agus nach mbíonn aon Mhí Dhíreach ann?” Is minic a chloisimid nach bhfuil a leithéid de rud ann agus drochcheist. Ar scoil, ag ceardlanna gairmiúla agus ónár mbainisteoirí san obair, cuirtear fáilte roimh cheisteanna, fiosrú agus foghlaim. Is minic a chloisimid, áfach, “Cén fáth ar gá scéal mór a dhéanamh den phobal LADTA+?”. Deirtear nach bhfuil a leithéid de rud is ceist amaideach ann, ach sin ceann aimsithe agam ansin.
Diaicritic ár Sábháil – Litrigh mar is ceart é!
An raibh tú riamh den tuairim gur cúis le ráiteas polaitiúil neamhdheonach é d’ainm, ráiteas a ndéantar áibhéil faoi de bharr fadú guta? In ainneoin a simplíochta gramadaí, tá a úsáid in ainmneacha pearsanta anois ina cuid de phlé níos leithne faoi mheas, féiniúlacht agus aitheantas poiblí i sochaí atá múnlaithe ag an gcoimhlint. Tá taithí ag go leor daoine ar gan a bheith in ann an fada a chur ar dhoiciméid oifigiúla in ainneoin go bhfuil siad in ann é a chur ar theastas breithe.
‘Scéal ó Carolina’ agus na smaointe a spreag sé le Dubhán Ó Longáin
Deirtear go minic gur teanga dhomhanda, nó oll-intuigthe, é an ceol. Níl mé ró-chinnte go n-aontaím leis an ráiteas sin nó bíonn seánraí éagsúla ann agus ní thaitníonn siad le daoine áirithe nó seans nach measann an duine a bhfuil traenáil chlasaiceach aige gur iontach an guth ceoil atá ag amhránaithe traidisiúnta. Seans go mbíonn do sheanathair achan rud chomh trom ar phopcheol an lae inniu agus atá sé dall ar chúrsaí ríomhaireachta, seans nach dtuigeann sé mumble rap nó straoiseogaí.