Tuairisc
Verified
Online/Digital
Tuairisc.ie provides an Irish language news service to the entire Irish language community, in Ireland and abroad. We always aim to work in the public interest by collecting, publishing and disseminating high quality news, information, analysis and entertainment. Source
Actions
Media Outlet details
| Scope | International, National |
|---|---|
| Language | English, Irish |
| Country | Ireland |
|
Similarweb UVM |
Request pricing |
|
Comscore UVM |
Request pricing |
Recent Articles
Search ArticlesConraitheeoir ceaptha ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi thogra €4 milliún i gCarna
Tá conraitheoir ceaptha ag Údarás na Gaeltachta chun ionad nuálaíochta mara a fhorbairt i gCarna. Tá obair athfhorbartha agus uasghrádaithe le déanamh ag an Údarás ar dhá fhoirgneamh atá mar chuid de Stáisiúin Taighde Charna. Tá an obair beartaithe mar chuid den togra ‘Nua Mara’, ionad forbartha nuálaíochta mara. Nuair a bheidh an obair uasghrádaithe curtha i gcrích, beidh comhlachtaí nua agus mionchomhlachtaí in ann áit a fháil ar cíos ar an suíomh chun tabhairt faoi thástáil agus taighde mara.
TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: ‘Níor cuireadh de chlár an domhain fós muid – tá dúchas diamhrach éigin sna bunrútaí’
Beagán le cois dhá uair a chloig a ghlac sé orainn cosán breá siúil a chur dínn idir Coogee agus trá mhór Bondi tamall míonna siar. Buailte ar Sydney féin atá an ceantar sciamhach cladaigh seo. Casadh na céadta orainn an tráthnóna úd. Ní bréag, magadh ná áibhéil a rá go mb’Éireannaigh óga fuinniúla iad a bhformhór agus iad i mbarr a réime thall. Síneadh agus searradh á bhaint astu féin agus brothall an lae caite, saol folláin amuigh faoin aer agus áille in aice láimhe.
Is é Micheál Martin an chonstaic is mó i gcoinne athaontú na hÉireann
Is díol iontais liom go meastar anois, agus meastar i gceart, gurb é Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, páirtí a bunaíodh chun prionsabail Phoblachtánacha a chosaint (agus deireadh a chur leis an gcinedheighilt an príomhcheann acu), an chonstaic is mó roimh Aontacht na hÉireann. I gcodarsnacht leis sin, is é Fine Gael, an páirtí a bhíodh go traidisiúnta nasctha le cothabháil an status quo, atá ag éileamh go ndéanfaí ullmhúcháin maidir le cén chuma a bheidh ar Éirinn aontaithe.
Cosáin na tuaithe agus lomraí na gcaorach
Lomracháin atá iontu anois. Bhíodar fairsing ar chaon taobh den bhóthar as Conamara amach go teorainn Mhaigh Eo agus mé ag taisteal na mbealaí sin le gairid. Caoirigh na bliana seo sciúrtha, bearrtha agus an phurgóid curtha siar ina mbéal agus síos ina scornach. An branda aitheantais buailte orthu agus iad faoi réir le haghaidh a gcéad chéim eile sa saol – soir i dtreo na dtailte bána nó amach go gleannta agus beanna sléibhe.
Gá le cur chuige nua ó Shinn Féin le hiad a chur i lár an aonaigh arís
Tugann briseadh an tsamhraidh ó imeachtaí na Dála deis mhachnaimh do pholaiteoirí fiú más saoire atá i gceist. Gan an Dáil agus gan imeachtaí ar nós clinicí agus cruinnithe coistí tugann sé deis go háirithe machnamh a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil a bpáirtí agus cé na tosaíochtaí ba chóir a bheith acu sa gcéad tréimhse eile.
Ní thógfadh sé i bhfad ar na gasúir as Conamara suim a chailliúint sa bpóló agus díriú ar na moncaithe sa zú
Níos minicí ná a chéile agus mé ag déanamh an bhealaigh as Cois Fharraige go Páirc an Chrócaigh téim trí Pháirc an Fhionnuisce agus mé ag tarraingt ar an stráca deireanach den aistear. Tá cúpla cúis leis sin. Ar cheann acu tá an faoiseamh a thugann sé dom trácht trom na cathrach a fhágáil i mo dhiaidh, más go sealadach féin é.
Ní mhaolófar an dochar a dhéanann na meáin fhrithshóisialta go dtí go mbeidh polaiteoirí sásta iad a smachtú i gceart
N’fheadair cén duine cliste is túisce a chum an nath ‘na meáin fhrithshóisialta’ ach is cur síos beacht é ar ghréasáin ar soiléire ná riamh anois an dochar a chothaíonn siad. Ní cothú faltanais agus fuatha amháin a éascaíonn X, TikTok, Facebook, YouTube agus a leithéid. Spreagann agus scaipeann a logartaim na tréithe sin d’aon ghnó – chomh maith le bréaga, easaontas agus eascairdeas – chun brabach a dhéanamh do na húinéirí.
Ar Ais Ar Scoil – am aisteach agus rud beag maoithneach lár mhí Lúnasa
Sráid na Siopaí, cathair na Gaillimhe, tráthnóna báistí i lár mhí Lúnasa na bliana 1988. Bhí mé 13 bliana d’aois agus d’fhoghlaim mé mo chéad chúpla focal Gaeilge i siopa leabhar Eason. ‘Ar Ais Ar Scoil’ a d’fhógair fógraí cairtchláir dubha, agus litreacha bána orthu a mheabhraigh lámhscríbhneoireacht chailce. Mar bharr ar an ádh bhí an leagan Béarla ar roinnt fógraí eile agus ní raibh aon amhras orm a thuilleadh faoin mbrí a bhí leis an bhfrása, a chuir idir dhrogall agus sceitimíní orm.
FÍSEÁN: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc
Tá blaiseadh san fhíseán seo de chuid de na scéalta a bhí againn ar Tuairisc le seachtain Dé hAoine, Lúnasa 21 2026 ag 1:01 pm
Duine as gach ceathrar a rinne an Ardteist i mbliana nach ndearna scrúdú Gaeilge
Ní dhearna duine as gach ceathrar a rinne an Ardteist i mbliana aon scrúdú Gaeilge. Tá torthaí na hArdteiste á bhfoilsiú ar maidin agus de réir figiúirí atá curtha ar fáil ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, ní bhfuair 25% de dhaltaí aon toradh don Ghaeilge i mbliana. Is í seo an cúigiú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20. Ní dhearna 24% de dhaltaí a rinne an Ardteist anuraidh scrúdú Gaeilge.