Tá comharthaí as Gaeilge crochta fud fad Chorca Dhuibhne mar chuid d’fheachtas le daoine a spreagadh an Ghaeilge a úsáid. Tobar Dhuibhne, lucht Phlean Teanga Chiarraí Thiar, a chuir na comharthaí in airde cois bóthair ar fud na leithinse inné mar chuid d’fheachtas feasachta leanúnach ar an bpleanáil teanga. 12 comhartha ar fad a crochadh agus ar na teachtaireachtaí atá orthu, tá ráitis spreagúla, beannachtaí na Nollag agus moladh earraí Gaeltachta a cheannach.